       |
 |
Gaeilge |
|
Liam Ó’Néill
Fáiltím romhaibh go léir ó chian is ó chóngar idir chléir agus tuath.
Fáiltím romhaibhse a mhuintir Chorca Dhuibhne, fáiltím
romhaibhse ach go háirithe a mhuintir pharóiste eaglasta an
Fheirtéaraigh agus inár measc tá an tAthair Ó hIceadha agus an
tAthair MacGineá. Cuirim na múrtha fáilte roimis mhuintir
pharóiste na Cille ach cuirim fíorchaoin fáilte roimis mhuintir
Chathair Scoilbín go dtí seoladh agus ceiliúradh an leabhair seo,
Corca Dhuibhne le Liam O’Neill foilsithe ag Bréanainn.
Ba mhaith liom cúpla focal a rá ar dtúis mar gheall ar an
scríbhneoir, file agus go mór mhór an foilsitheoir, Steve
McDonogh a d’imigh uainn ar shlí na fírinne tamall gairid ó shin,
beannacht Dé dílis leis. Ministir Protastúnach in Eaglais na
hÉireann ab ea Jack McDonogh, athair Steve a bhí pósta le Barbara
O’Sullivan, máthair Steve gurbh ó Bhleá Cliath dhóibh ó dhúchas.
Cainteoir líofa Gaelainne ab ea Jack McDonogh agus chaith sé
tréimhse san Oileán Tiar sna tríochadaí déanacha ag cur barr snasa
ar a chuid Gaelainne. Chuaigh sé féin agus Barbara chun cónaí i
Rugby i Sasana taréis pósta dhóibh marar thógadar triúr clainne,
Terry, Deirdre agus Steve. Saolaíodh Terry agus Deirdre i Sasana
ach bhíodh laochas an domhain ar Steve gur i mBleá Cliath a
saolaíodh é féin. Agus seo mar a tharla sé, bhíodh a thuismitheoirí
ag teacht ar saoire go Dún na nGall gach bliain agus nuair a bhí an
leanbh seo ar iompar ag Barbara tháinig sí faoi luí tseoil gan
choinne agus sa tslí sin saolaíodh Steve san ospidéal Rotunda i
mBleá Cliath. In aois a seacht bliana cuireadh isteach i gcoláiste
cónaithe é, Marlborough College i Wiltshire mar a raibh cuid de
chlainn uasalaicme Shasana mar chomhdhaltaí aige. Ghoill an
córas oideachais sin go mór air agus is minic a dheineadh sé tagairt
do. Bhain sé céim amach sa Bhéarla in Ollscoil York i 1971agus is
le linn do a bheith ag freastal ar an gcoláiste céanna a scríobh sé a
chéad leabhar York Poems. Níor chónaigh sé arís an chuid eile dá
shaol i Sasana. Tar éis tréimhse ina Meirice tháinig sé chun cónaí i
1mBleá Cliath agus sa bliain 1976 bhunaigh sé féin, Liland
Bardwell, Desmond Hogan, Neil Jordan agus daoine eile Irish
Writers’ Co-operative. Sa bhliain 1982 bhunaigh sé féin agus
Berni Goggin, comhlucht foilsitheoireachta, Brandon Press sa
Daingean agus as san amach b’é Corca Dhuibhne a thearmann, a
ionspioráid, an áit ab ansa leis ar domhan suas go dtín uair a
cailleadh é. Fear neamhspléach, misniúil, neamheaglach físeach ab
ea McDonogh. Throid sé dlithe cinsireachta agus bhí sé ag troid de
shíor ar son cearta daonna. Scríobh sé trí leabhar filíochta,
treoirleabhar ar Chorca Dhuibhne, leabhar ar Dhreoilíní an
Daingin, leabhar ar chuid dá shaol féin agus an leabhar ba dhéanaí
uaidh ar Barrack Obama. I measc an iliomad scríbhneoir a
d’fhoilsigh sé bhí Father James McDyer, Helen Brennan, Joanne
Hayes, Jerry Adams, Alice Taylor, Bryan McMahon agus a lán
eile. Chuir sé amach eagráin nua do thrí leabhar le Walter Macken,
leabhair le Patrick McGill go bhfuil ana cháil ar an leabhar
‘Children of the Dead End.’ D’fhoilsigh sé a chéad leabhar
Gaelainne, Inis Mhic Fhaoláin le Mícheál Ó Dubhshláine i 2008.
B’é a chéad smaoinigh ar an leabhar seo Corca Dhuibhne agus go
mbeadh tagairtí Gaelainne as litríocht Chorca Dhuibhne ag
freagairt dosna pictiúirí. York Poems an chéad leabhar a scríobh
Steve agus b’é seo, Corca Dhuibhne/Liam O’Neill an leabhar
deireannach a d’fhoilsigh sé. Bhí sé críochnaithe amach aige agus
curtha go dtína clódóirí aige sara gcailleadh é, beannacht Dé lena
anam. Deinim comhbhrón lena bheancéile Meryem, a iníon Lilya,
a mháthair Barbara, lena dheirfiúr Deirdre, lena dheartháir Terry
agus lena chomhghleacaí oibre Máire Ní Dhálaigh. Sheinn Marc
Crickard port álainn draíochtúil, Hector the Hero ar an veidhlín i
gcuimhne ar Steve McDonogh.
Danny Sheehy
Ag seo an draíocht. An fhírinne a leathann na súile, an dán gan focal ar strae, an ceol gan nóta amú. An rud íogair nua, a léimeann ina steillebheathaidh as motharchoill íomhánna.
Táimid pictiúrtha, cultúrtha, mar phobal. Meallaimid ealaíontóirí. Léiríonn siad sinn ar stáitse ár saoil, ár n uaigneas, ár n-iargúltacht, ár neart. Ach rud speisialta is ea ealaíontóir a eascraíonn as ár bpobal féin.
An fear a chaith tráthnóna ag tarraingt traimile as Poll aí Bhundúin, agus a leathshúil ar spéir, le h-eagla, ní h-ionann a léargas agus léargas stróinséara, dá chumasaí. Tuiscint faoi leith a bhaineann le cur amach pearsanta ar uaireanta fada ar suathadh i naomhóig, sa bhfothain ar chúl carraige, ag fanacht le sánas chun teacht i dtír.
Agus le h-eolas ar bhuaireamh ban agus máthar ina seasamh ar feadh uaireanta uafara gan corraí ag binnteacha tí, ag faire farraige, ag comhaireamh naomhóg, ag cuntas dílleachta. Ag méarú paidrín.
Agus lorg fothaine faoi chab carraige, ar a leathghlúin, ar a chorragiob, i dtreabhsair throma thaise, i gcasóga aidhil, ag fanacht. Boladh fliuch olna ó gheansaí is ó chasóig, boladh sáile is feamnaí ina dtimpeall.
Fanacht fada farraige agus taoide. Long is lón aige, agus cóir ach fanacht leis. Fuinneamh an ghnímh sa bhfanacht féin.
Fanacht narbh aonarach. Comhluadar comharsanach, caint chiúin, shíbhialta, comhrá a ghéaraigh aigne agus a fhorbair anam. Comhluadar sofaisticiúil ins na giobail. Treabhsar oibre agus culaith Dhomhnaigh, bróga tairní agus bróga nua, sin a raibh sa tsaol acu. B’ait leo cad a dhéanfaidís lena thuilleadh. Fearaibh deireadh ré, deireadh saoil.
Agus ag sin, arís an draíocht. Tháinig Liam Ó Néill nuair a tháinig an t-am dó. Chaith sé a shaol i measc na bhfear. Fearaibh a ghlac freagracht. Fearaibh nár éiligh faic. Fearaibh a shaothraigh lá agus oíche. Allas a gcnámh a thuill a gcuid dóibh.
Ach ní fearaibh gan oidhre. Fágadh againn Liam Ó Néill. Aithníonn Liam Ó Néill na fearaibh sin. Ba dhóibh é féin agus a shinsear roimhe. B’shin iad a chairde, a chomhairleoirí, iad siúd ónar fhoghlaim sé cumas, gliocas agus sofaisticiúlacht. Agus gabhann sé a bhuíochas leo ins an taispeántas seo.
Péinteálann sé, don chéad uair, a n-anam síoraí.
- Brenda Ní Shúilleabháin
|
|